
Leabhar 4 sa tsraith Ailfí agus an Vaimpír
Greim na Vaimpíre
Ní gach duine atá sásta maireachtáil taobh le vaimpír, fiú más feoilséantóir é.
Faoin leabhar
Caitheann Marius, an vaimpír, a shaol ar a sháimhín só fad is atá a sháith rollóga figí aige. In ainneoin iarrachtaí Ailfí, is beag suim a chuireann sé i gcúrsaí an tsaoil mórthimpeall air, go dtí go dtugann sé faoi deara cailín atá pas beag cosúil leis féin.
Éiríonn an vaimpír níos dána agus é ag iarraidh a bhuanna vaimpíreacha a léiriú di, agus tá imní an domhain ar Ailfí go dtarraingeoidh sé aird air féin. Tá an ceart aige a bheith buartha: ní gach duine atá sásta maireachtáil taobh le vaimpír, fiú más feoilséantóir é. Tugtar suntas do Marius ar shlite nach raibh na buachaillí ag súil leo, téann siad sáite i gcogadh, agus cuirtear fíricí loma os comhair Ailfí.
An ceathrú leabhar, agus an leabhar deireanach, sa tsraith faoi Ailfí agus Marius, do léitheoirí óga idir 10 agus 13 bliana d’aois.
Cá bhfaighidh mé é?
Ar fáil ó na siopaí agus na foilsitheoirí seo:

