
Foghlaí Mara Monte Carlo
Fágann Zoé saol na bhfuíoll in Monte Carlo agus tugann sí aghaidh ar an bhfarraige.
Faoin leabhar
Tá Mamaí sa spá, tá Daidí sa chasino, agus tá Zoé ag tabhairt aghaidh ar an Afraic. In ainneoin saol na bhfuíoll a bheith aici in Monte Carlo, cuireann sí roimpi a peata, pearóid liath Afracach, a thabhairt abhaile go dtí a thír dhúchais.
Cailín misniúil is ea Zoé nach ligeann do rud ar bith cur as dá pleananna. Ní chuirfidh folachánaí ar bord luaimh a hathar stop léi. Ach b’fhéidir go gcuirfeadh an chomharsa shrónach.
Úrscéal gairid, éadrom, soléite do léitheoirí óga idir 10 agus 14 bliana d’aois. Bhain an saothar duais i gcomórtas ficsin do dhaoine óga ag Oireachtas na Gaeilge 2014.
Aitheantas
- BuaiteComórtais Liteartha an Oireachtais: Ficsean do Dhaoine Óga (13–15) 2014Duais sa chomórtas (foilsíodh an leabhar in 2017).Foinse: Oireachtas na Gaeilge, buaiteoirí 2014
Cá bhfaighidh mé é?
Ar fáil ó na siopaí agus na foilsitheoirí seo:

