
Morf
Ba bhreá le hEric cara a bheith aige. Ansin tagann Morf.
Faoin leabhar
Bíonn uaigneas ar Eric uaireanta. Tá a thuismitheoirí chomh gafa lena dheirfiúracha beaga nach mbíonn mórán ama acu dó, agus ba bhreá leis cara a bheith aige.
Ansin tagann Morf. Deir Morf gur mian leis cabhrú le hEric, ach ní bhíonn Eric cinnte gurb é seo an cineál cara a bhí á lorg aige. Agus an ar mhaithe le hEric atá Morf i ndáiríre?
Scéal faoi chairdeas agus faoin uaigneas do léitheoirí óga idir 9 agus 12 bhliain d’aois, le léaráidí daite ó Olivia Golden. Bhain an saothar an dara duais i gcomórtas ficsin do dhaoine óga ag Oireachtas na Gaeilge 2015, sular foilsíodh é.
Aitheantas
- BuaiteComórtais Liteartha an Oireachtais: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10–12) 2015An dara duais (foilsíodh an leabhar in 2016).Foinse: Oireachtas na Gaeilge, buaiteoirí 2015
Cá bhfaighidh mé é?
Ar fáil ó na siopaí agus na foilsitheoirí seo:

