Clúdach Vaimpír san Áiléar: ialtóg ag eitilt in aice le seancheamara teilifíse, agus spéir chorcra réaltach.

Leabhar 2 sa tsraith Ailfí agus an Vaimpír

Vaimpír san Áiléar

Tinneas fiacaile ar vaimpír, agus foireann teilifíse ar a thóir.

Bliain
2013
Foilsitheoir
Cois Life
Maisitheoir
Alan Keogh
Léitheoirí
Do léitheoirí óga
Leathanaigh
160
Teanga
Gaeilge
ISBN
978-1-907494-36-9

Faoin leabhar

Tá Marius, an vaimpír, ina chónaí in áiléar Ailfí anois. Gabhann sé timpeall an tí mar is toil leis agus tógann sé a bhfuil uaidh ón gcófra bia.

Ach ní saol gan trioblóid é saol na vaimpíre. Tagann tinneas fiacaile ar Marius, agus cuirtear leis na deacrachtaí nuair a théann Ailfí chuig stiúideo teilifíse. Tá an fhoireann ann ag iarraidh físeán a dhéanamh de Marius. An féidir físeán a dhéanamh de vaimpír in aon chor?

An dara leabhar sa tsraith, do léitheoirí óga idir 10 agus 13 bliana d’aois. Bhuaigh an saothar an chéad duais i gcomórtas ficsin do dhaoine óga ag Oireachtas na Gaeilge 2013.

Aitheantas

Cá bhfaighidh mé é?

Ar fáil ó na siopaí agus na foilsitheoirí seo: