Clúdach Sciorrann an tAm: scamaill stoirme dhúghorma os cionn líne tithe dorcha, agus an teideal i litreacha bána.

Sciorrann an tAm

Gearrscéalta

Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin.

Bliain
2014
Foilsitheoir
Cois Life
Léitheoirí
Gearrscéalta
Leathanaigh
116
Teanga
Gaeilge
ISBN
978-1-907494-38-3

Faoin leabhar

An dara cnuasach gearrscéalta ó údar Canary Wharf. Is iad an éagsúlacht agus an bheocht bua na scéalta seo: is minic iad ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol, agus uaireanta is priaclach an saol é.

Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn na scéalta sinn, ach baineann siad gáire asainn chomh maith. An saol comhaimseartha is ábhar dóibh, agus iad scríofa ar dhóigh nach gcuirfeadh léitheoir ar bith ó dhoras.

Bhí Sciorrann an tAm ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar Gaeilge na Bliana, in 2014.

Aitheantas

  • Ar an ngearrliostaGradam Uí Shúilleabháin, Leabhar Gaeilge na Bliana 2014Ar an ngearrliosta de chúig leabhar a fógraíodh in Amharclann na Mainistreach, 20 Deireadh Fómhair 2014.Foinse: Tuairisc.ie, 20 Deireadh Fómhair 2014

Cá bhfaighidh mé é?

Ar fáil ó na siopaí agus na foilsitheoirí seo: