
Leabhar 1 sa tsraith Ailfí agus an Vaimpír
Ailfí agus an Vaimpír
Vaimpír ag bun an ghairdín, agus is fearr leis rollóga figí ná fuil.
Faoin leabhar
Tá vaimpír ina chónaí ag bun an ghairdín ag Ailfí. Marius is ainm dó, agus ní vaimpír coitianta é: is fearr leis rollóga figí agus cáca milis ná fuil agus feoil ar bith.
D’imigh muintir Mharius leo go dtí caisleán sa Trasalváin, agus a chónra leo, fad a bhí sé amuigh ag cuardach torthaí. Anois níl aige ach Ailfí. Idir lampaí ultraivialait agus muincí gairleoige, bíonn an saol dian go leor ar an gcréatúr neamh-mharbh, agus éiríonn sé spadhrúil nuair nach dtiteann rudaí amach mar ba chóir, dar leis.
An chéad leabhar sa tsraith faoi Ailfí agus Marius, do léitheoirí óga idir 10 agus 13 bliana d’aois, agus do dhaoine fásta óga de gach aois. Tá gluais ar an leabharmharc a ghabhann leis.
Aitheantas
- Ar an ngearrliostaGradam Réics Carló 2012Ar ghearrliosta Leabhar na Bliana do Pháistí 2012.Foinse: Cló Iar-Chonnacht
Cá bhfaighidh mé é?
Ar fáil ó na siopaí agus na foilsitheoirí seo:

